Dara Ó Ceallaigh – Turas go dtí an Ostair

Turas go dtí an Ostair

Le Dara Ó Ceallaigh

“A Mham, a Mham. A Dhaid, a Dhaid, dúisigí suas nó beidh muid déanach don eitleán.” B’shin a dúirt Gearóid lena thuismitheoirí.
“Sea, sea,” a dúirt Mamaí. Bhí an chlann ar fad ag dul go dtí an tír is fearr ar domhan….an Ostair.

Tamall ina dhiaidh sin bhí gach duine réidh le n-imeacht. Chuir Daidí an bagáiste isteach sa charr. Isteach leo sa charr agus níorbh fhada gur shroich siad aerfort na Sionna. Bhí an áit plódaithe le paisnéirí ach de réir a chéile níorbh fhada go raibh an chlann go léir ina suí go compórdach in eitleán ón gcomhlacht Aer Lingus.

Díreach ag a dó a chlog, thuirling an t-eitleán in aerfort Innsbruck. Bhí Gearóid ag stánadh amach an fhuinneog agus b’álainn an radharc a bhí le feiceáil aige. Bhí chuile áit bán le sneachta agus bhí an ghrian go hard sa spéir.

Níorbh fhada gur shroich siad “Ostán an Phoist” i Lermoos agus réitigh siad le dul amach ag scíáil go tapaidh. Chuir siad buataisí scíála orthu agus ar aghaidh leo suas Sliabh Zuchspitz. Sheol scamailleacha móra bána trasna na spéire. Bhí brat deas bán sneachta ar na beanna móra. Nach orthu a bhí an t-áthas. Thosaigh Gearóid ag scíáil síos an sliabh. Anseo is ansiúd chonaic sé déagóirí ag clár scíáil. Ag bun an tsléibhe bhí páistí óga an-ghnóthach ag déanamh fear sneachta agus chaith siad liathróidí sneachta i ngach áit.

San iarnóin ar ais leo go dtí an t-óstán. D’ith siad béile breá blasta. D’fhan an chlann san Ostair ar feadh seachtaine. Chaith siad gach lá ag scíáil in áiteanna difriúla. Bhí brón agus briseadh croí orthu dul abhaile an Satharn ina dhiaidh sin.

Dara Ó Ceallaigh
Gaelscoil Mhic Amhlaigh,
Cnoc na Cathrach,
Gaillimh.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: