Maela Ní Choisdealbha – Folúntas

Folúntas

By Maela Ní Choisdealbha

Oíche fhuar gheimhridh. Mise tuirseach traochta lán le ísle brí ag siúl trí shráid an Spidéil. An rud faoin am seo den oíche ná an ciúnas, mar a bheadh an domhan stoptha agus díreach mise beo. Mé féin anseo gan aon rud ach mo smaointe buartha ag líonadh m’intinn.
Inniu tharla rud éigin tubaisteach is dá bharr sin tá mé cinnte nach mbeidh mé sásta arís chaoin. Chaill mé mo pháiste. Mo pháiste nár thóg anáil leis féin riamh. Mo pháiste nár thosaigh ag caoineadh. Mo pháiste socair. Marbhghin. Chonaic muid na súile, súile gorma gan beocht.
Buachaill beag a bhí ann, ar nós aingeal a thit ó neamh.
Tá m’aidhm sa saol caillte agam anois. Pian nimhneach i mo chroí is mé in ísle brí.
Ag iompar i mo bhroin ar feadh seacht mí. Bhí fhios agam nuair a bhris m’uiscí nach raibh m’aingeal réidh. Ach ní raibh aon rud a d’fhéadfaí a dhéanamh. Níor chuala muid aon chaoineadh ná aon bhualadh croí.
Bhí mo pháiste imithe, imithe le mo chroí.

Maela Ní Choisdealbha, Bl.4. Coláiste Cholmcille, Indreabhán

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: